Cumann Lúthchleas Gael-Mheiriceánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Lúthchleas Gael-Mheiriceánach
Sonraí
Cineálclub spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1898
Gníomhaíocht
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Eagras lúthchleasaíochta amaitéarach ab ea an Cumann Lúthchleas Gael-Mheiriceánach (Béarla: Irish American Athletic Club) a bhí suite i gQueens Nua-Eabhrac. Bunaíodh an é faoin ainm “Greater New York Irish Athlethic Association” ar an 30 Eanáir, 1898, athraíodh an t-ainm go “The Irish American Athletic Club” tar éis tamaill. Cheannaigh an Cumann ceapach thalún in Laurel Hill, Inis Fada, i ngar do Reilig Chalvaire. Sa bhliain 1898, thóg siad saoráid úrscothach ar talamh feirme.[1] I ndiaidh athchóirithe, athosclaíodh an staidiam, Celtic Park, go foirmeálta ar an 9ú Bealtaine, 1901. Thraenáil agus chuaigh roinnt na lúthchleasaithe Meiriceánacha is fearr san iomaíocht ar raonta agus faichí an Pháirc Ceiltigh, iad ag tarraingt sluaite d’os cionn 20,000.[2] Díoladh Celtic Park le haghaigh tithíochta i 1930.

Le cois buachana in iomaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha leis an Amateur Athletic Union, ghlac baill an Chumainn páirt leis an bhfoireann S.A.M. sna Chluichí Oilimpeacha 1904 i St. Louis, sna cluichí Idirsháite 1906 in an Aithin na Gréige, sna Chluichí Oilimpeacha 1908 i Londain agus sna Chluichí Oilimpeacha 1912 i Stócólm.

Cé go raibh Éireannaigh agus Gael-Mheiriceánaigh na chéad ghlúine ar mórchuid an Chumainn, bhí mórán neamh-Ghael páirteach sa Dorn Sciathánach chomh maith. Ina measc a bhí Alvin Kraenzlein, Myer Prinstein, Abel Kiviat, Alvah Meyer, Robert Lawson, Harold Wilson agus Emilio Lunghi. Ag iomaíocht mar bhall den Chumann i St. Louis 1904, bhuaigh Myer Prinstein an léim fhada agus an léim thriarach ar an lá féin, é an t-aon lúthchleasaí amháin a bhuaigh an dá choimhlint sna cluichí féin. Tháinig sé sa chúigiú áit sna daiseanna 60-médar agus 400-méadar. San Aithin 1906, bhuaigh sé an léim fhada aríst, é ag sárú na curiarrachta Peter O’Conner.

Sna Chluichí Oilimpeacha 1908, i Londain Shasana, bhuaigh baill den Chumainn naoi as 23 Bhonn Óir a bhí tógtha ag an bhfoireann S.A.M. I measc na mbuaiteoirí bonn a bhí baill an Chumainn: Charles Bacon, cliath 400-méadar, Ór; George Bonhag, rás foirne 3-mhíle, Airgead; Robert Cloughen, rás 200-méadar, Airgead; John Jesus Flanagan, Caitheamh an Oird, Ór; Johnny Hayes, Maratón, Ór; Harry Porter, Léim Ard, Ór; Mel Sheppard, rás 800-méadar, Ór, rás 1,500-méadar, Ór, rás sealaíochta meascra 1,600-méadar, Ór; agus Martin Sheridan, Teasc-Saorstíle, Ór, Teasc-Stíle Ghréagach, Ór, agus Léim Fhada as Seasamh, Ór. B’iad baill eile Joseph Bromilow, Robert Lawson, Frank Riley, William Robbins agus James P. Sullivan a bhí páirteach san fhoireann Oilimpeach 1908.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. A New Athletic Club: Greater New York Irish A. A. has already Secured Quarters. New York Times, 31 Eanáir 1898: lch. 4.
  2. Athletic Field Remodeled. Celtic Park in New Garb to be Re-opened Monday. New York Times 10 Bealtaine, 1901: lch. 10.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]